A Chairde,
Seo chugaibh an t-eolas maidir leis an scéim iompair scoile - Please find below the communication from the Dept for school transport
Grma
Iarratais Iompair Scoile – 2026/2027
Osclófar an Scéim Iompair Scoile, atá á reáchtáil ag Bus Éireann thar ceann na Roinne Oideachais agus Óige, Dé hAoine, an 27 Márta le haghaidh iarratas agus íocaíochtaí. Is é Dé hAoine, an 8 Bealtaine 2026 an dáta deiridh le haghaidh íocaíochtaí agus cuirfear tús le feachtas iomlán sna meáin go luath.
Iarratais na hÚcráine/IPAS
Chun na daltaí go léir a úsáideann iompar scoile príomhshrutha a imeascadh go hiomlán, beidh ar na daltaí go léir atá tagtha go hÉirinn ón Úcráin agus ar na daltaí go léir atá ina gcónaí in ionaid IPAS/EROC iarratas a dhéanamh ar iompar scoile príomhshrutha faoin spriocdháta den 8 Bealtaine freisin. Ciallaíonn sé sin gur cheart do na teaghlaigh go léir, atá ag cur fúthu in ionaid lóistín, ionaid IPAS, tithe modúlacha, le teaghlaigh óstaigh, agus atá ina gcónaí go neamhspleách, iarratas a dhéanamh anois ar thairseach teaghlaigh Bhus Éireann. Mura ndéantar iarratas agus íocaíocht nó mura gcuirtear sonraí cárta leighis isteach, ní chuirfear ticéad ar fáil.
Praghsanna na dTicéad do 2026/2027
In athbhreithniú ar an Scéim Iompair Scoile a rinneadh in 2024, fuarthas amach go gcabhraíonn táille le hacmhainní a úsáid níos éifeachtaí agus go gcoisceann sí suíocháin bus ó bheith gan úsáid, rud a chabhraíonn leis an scéim a chosaint agus a chothú do gach teaghlach a bhfuil gá acu léi. Moladh san athbhreithniú go n-íocfadh teaghlaigh a úsáideann an scéim príomhshrutha táille chun cabhrú leis an tseirbhís a chosaint agus a chothú do gach duine a bhraitheann uirthi. D’fhógair an Rialtas gurb iad seo a leanas praghsanna na dticéad don iompar scoile don scoilbhliain 2026/27:
- Bunscoileanna: €100 in aghaidh an linbh (táille uasta do theaghlach €200)
- Iar-bhunscoileanna: €100 in aghaidh an linbh (táille uasta do theaghlach €220)
Is ionann sin agus:
- 55c in aghaidh an lae do dhaltaí bunscoile
- 60c in aghaidh an lae do dhaltaí iar-bhunscoile
Ní íocfaidh aon teaghlach níos mó ná €1.32c in aghaidh an lae san iomlán, beag beann ar líon na leanaí a úsáideann an tseirbhís. Tá áis ann anois do theaghlaigh íoc i dtráthchodanna.
Leanfaidh iompar scoile de bheith saor in aisce do:
- Gach teaghlach incháilithe a bhfuil cárta leighis acu, agus
- Gach leanbh incháilithe a úsáideann an scéim iompair um Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO)
Tuilleadh Eolais
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag:
Information for parents:
Information for Ukrainian and IPAS applicants
Bus Éireann | School Transport Services
School Transport Applications – 2026/2027
The School Transport Scheme, operated by Bus Éireann on behalf of the Department of Education and Youth, will open on Friday 27 March for applications and payments. The closing date for payments is Friday, 8 May 2026 and a full media campaign will begin shortly.
Ukraine/IPAS applications
In order to fully integrate all pupils using mainstream school transport, all pupils who have arrived in Ireland from Ukraine and all pupils residing in IPAS/EROC centres will be required to apply for mainstream school transport by the deadline date of 8 May also. This will mean that all families, living in accommodation centres, IPAS centres, modular homes, with host families, and living independently, should now apply on the Bus Éireann family portal. Failure to apply and pay or enter medical card details will mean that a ticket will not be offered.
Ticket Prices for 2026/2027
A 2024 review of the School Transport Scheme found that having a fee helps use resources more effectively and prevents bus seats from going unused, helping to protect and sustain the scheme for all families who needs it. The review recommended that families using the mainstream scheme should contribute a fee to help protect and sustain the service for all who depend on it. The Government has announced that school transport ticket prices for 2026/27 school year are as follows:
- Primary: €100 per child (maximum family charge €200)
- Post-primary: €100 per child (maximum family charge €220)
This is equivalent to:
- 55c per day for primary school pupils
- 60c per day for post-primary‑ pupils
No family will pay more than €1.32c per day in total, regardless of how many children use the service. A facility to pay in instalments is now available to families.
School transport will continue to be free for:
- All eligible families with a medical card, and
- All eligible children using the Special Educational Needs (SEN) transport scheme
Further Information
Further information is available at:
Information for parents:
Information for Ukrainian and IPAS applicants
Bus Éireann | School Transport Services